FÓGRA THOGHCHÁN PHARLAIMINT NA HEORPA

do na toghlaigh Baile Átha Cliath, an Lár-Tíre – an tIarthuaisceart agus an Deisceart

Tugaimid fógra leis seo go bhfuil toghchán d'ionadaithe chuig Parlaimint na hEorpa le bheith sna toghlaigh thuasluaite. Má bhíonn an toghchán faoi iomaíocht, tógfar vótaíocht an 24ú lá de Bhealtaine, 2019 idir na huaire 7.00 am agus 10.00 pm.

Le bheith incháilithe le toghadh caithfidh duine a bheith ina shaoránach nó ina saoránach de chuid na hÉireann nó ina náisiúnach de Bhallstát den Aontas Eorpach agus gnáthchónaí a bheith air nó uirthi in Éirinn.

Féadfaidh duine é féin nó í féin a ainmniú mar iarrthóir, nó féadfaidh moltóir a bheidh ina thoghthóir nó toghthóir Eorpach cláraithe sa toghlach é nó í a ainmniú lena thoiliú nó lena toiliú.

Ní mór deimhniú cleamhnachta polaitíochta a bheith ag gabháil le foirm ainmniúcháin ó iarrthóir de chuid pháirtí polaitíochta cláraithe agus caithfear iad a thabhairt ar aird cheann comhairimh an toghlaigh lena pháipéar nó lena páipéar ainmniúcháin comhlánaithe.

Mura mbeidh aon deimhniú tugtha ar aird ní mór don iarrthóir, roimh an am is déanaí chun ainmniúcháin a fháil, ceachtar den dá rud seo a dhéanamh –

  • 60 aontú leis an ainmniúchán a fháil trí dhearbhuithe reachtúla ó thoghthóirí Eorpacha a bheidh cláraithe i dtoghlach ábhartha Pharlaimint na hEorpa (tá na foirmeacha ar fáil ó cheann comhairimh an toghlaigh nó ón údarás cláraithe), nó
  • Éarlais de €1,800 a íoc (is féidir éarlais a íoc thar ceann an iarrthóra freisin)

Caithfidh náisiúnach de Bhallstát ach amháin d'Éirinn, a bheartaíonn a bheith ina iarrthóir nó ina hiarrthóir, dearbhú reachtúil maidir lena incháilitheacht nó lena hincháilitheacht do thoghadh a sheachadadh ar cheann comhairimh an toghlaigh in éineacht leis an bpáipéar ainmniúcháin comhlánaithe.

Más mian le hiarrthóir go gcuirfí isteach é nó í ar an bpáipéar ballóide mar ionadaí ar pháirtí polaitíochta cláraithe, caithfear Deimhniú Cleamhnachta Polaitíochta a thabhairt ar aird cheann comhairimh an toghlaigh in éineacht leis an bpáipéar ainmniúcháin comhlánaithe.

Más mian le hiarrthóir neamh-pháirtí, ar FPÉ é nó í, go gcuirfí an grúpa polaitíochta i bParlaimint na hEorpa nó ainm an Pháirtí Polaitíochta Eorpaigh ar comhalta de é nó í ar an bpáipéar ballóide, caithfear Deimhniú Cleamhnachta Polaitíochta Eorpaí a thabhairt ar aird cheann comhairimh an toghlaigh in éineacht leis an bpáipéar ainmniúcháin comhlánaithe - féach roinn 3(b) de na nótaí ar an bpáipéar ainmniúcháin.

Más mian le hiarrthóir a ghrianghraf nó a grianghraf a bheith ar an bpáipéar ballóide, ní mór grianghraf amháin i bhformáid dhigiteach agus dhá chóip díreach mar a chéile priontáilte a thabhairt ar aird cheann comhairimh an toghlaigh in éineacht leis an bpáipéar ainmniúcháin. Tá na ceanglais theicniúla do na grianghraif leagtha amach i roinn 4 de na nótaí ar an bpáipéar ainmniúcháin.

Féadfaidh páirtithe polaitíochta cláraithe agus ionadaithe neamh-pháirtí iarrthóirí ionaid a ainmniú.

Is féidir foirmeacha pháipéir ainmniúcháin, dearbhuithe reachtúla agus liostaí iarrthóirí ionaid a fháil, saor in aisce, óna seoltaí thíos i rith uaire oifige.

NÓTÁIL, LE DO THOIL, NA TRÉIMHSÍ AINMNIÚCHÁIN ÉAGSÚLA.

Tréimhse ainmniúcháin do Shaoránaigh Éireannacha
Féadfaidh iarrthóirí nó a moltóirí na páipéir ainmniúcháin chomhlánaithe do shaoránaigh Éireannacha a sheachadadh ar cheann comhairimh an toghlaigh go pearsanta tráth ar bith a mbeidh an Ceann Comhairimh sin ag a oifig/a hoifig ó 10am ar an 30ú lá de Márta, 2019 go dtí 12 meán lae ar an 15ú lá d’Aibreán, 2019 arb é an tráth is déanaí le glacadh le hainmniúcháin.

Beidh an ceann comhairimh i láthair chun glacadh le páipéir ainmniúcháin do shaoránaigh Éireannacha ag an seoladh cuí thíos idir 10am agus 12 meán lae agus idir 2pm agus 5pm ar an 13ú lá d’Aibreán, 2019 agus idir 10am agus 12 meán lae ar an 15ú lá d’Aibreán, 2019.

Tréimhse ainmniúcháin do Náisiúnaigh eile den AE
Féadfaidh iarrthóirí nó a moltóirí na páipéir ainmniúcháin chomhlánaithe do Náisiúnaigh eile den AE a sheachadadh ar cheann comhairimh an toghlaigh go pearsanta tráth ar bith a mbeidh an ceann comhairimh sin ag a oifig/a hoifig ó 10am ar an 30ú lá Márta, 2019 go dtí 12 meán lae ar an 6ú lá d’Aibreán, 2019 arb é an tráth is déanaí le glacadh le hainmniúcháin

Beidh an ceann comhairimh i láthair chun glacadh le páipéir ainmniúcháin do Náisiúnaigh eile den AE ag an seoladh cuí thíos idir 10am agus 12 meán lae agus idir 2pm agus 5pm ar an 5ú lá d’Aibreán, 2019 agus idir 10am agus 12 meán lae ar an 6ú lá d’Aibreán 2019.

Toghlach: Baile Athá Cliath Ceann Comhairimh: Feargas Ó’Ghallcóir Sonraí Teagmhála: Aonad 17 Tolka Páirc Ghnó Ghleann Bóthar Bhaile Uí Bhogáin Baile Athá Cliath 11 Teileafón: 01-8306785 Ríomhphost: This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. Toghlach: An Lár-Tíre – An tlarthuaisceart Ceann Comhairimh: Fionntán S. Ó Murchú Sonraí Teagmhála: Ceann Comhairimh an Toghlaich, An Lár-Tíre – An tlarthuaisceart, Teach na Cúirte, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo. Teileafón: 094-9043824 Ríomhphost: This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. Toghlach: An Deisceart Ceann Comhairimh: Máirtín O hAirmhí Sonraí Teagmhála: 33, Sráid Washington, Corcaigh Teileafón: 021 4271787 Ríomhphost: This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. Dáta: 28ú lá d’Aibreán 2019

Toghlach: Baile Athá Cliath
Ceann Comhairimh: Feargas Ó’Ghallcóir
Sonraí Teagmhála: Aonad 17
Tolka Páirc Ghnó Ghleann
Bóthar Bhaile Uí Bhogáin
Baile Athá Cliath 11
Teileafón: 01-8306785
Ríomhphost: This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

 

Toghlach: An Lár-Tíre – An tlarthuaisceart
Ceann Comhairimh: Fionntán S. Ó Murchú
Contact Details: Ceann Comhairimh an Toghlaich,
An Lár-Tíre – An tlarthuaisceart,
Teach na Cúirte,
Caisleán an Bharraigh,
Co. Mhaigh Eo.
Teileafón: 094-9043824
Ríomhphost: This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

 

Toghlach: An Deisceart
Ceann Comhairimh: Máirtín O hAirmhí
Contact Details: 33, Sráid Washington,
Corcaigh
Teileafón: 021 4271787
Ríomhphost: This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

 

Dáta: 28ú lá d’Aibreán 2019